
f/ch An Chrannóg, Srath na Corcra, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. (074) 9532208
Baile - Cé Muid Féin - Achainí Sínithe - Achoimriú - Summary- Nuacht- Achainí - Naisc
Cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a choinneáil
Tá an Bord Snip Nua ag moladh gur chóir cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a aistriú anonn go dtí Fiontraíocht Éireann. Chiallódh sé sin go gcaillfí €6.9 milliún agus 40 post. Bunaíodh Údarás na Gaeltachta nó Gaeltarra Éireann sa bhliain 1957 mar go raibh neamart á dhéanamh ar fhorbairt fiontraíochta sna ceantair is iargúlta sa tír .i. na ceantair Ghaeltachta. Tá sé criticiúil do thodhchaí na Gaeltachta go mbeidh Údarás áitiúil ann leis na cúraimí seo mar go gcaithfear poist a chruthú agus a fhorbairt sa Ghaeltacht ionas gur féidir le muintir na Gaeltachta maireachtáil ina gceantair féin agus a gclann a thógail le Gaeilge.
Níl aon chruthúnas ann ón ról a d’imir Fiontraíocht Éireann go dtí seo go bhféadfaidh an eagraíocht seo an ról seo a chomhlíonadh go sásúil. Is fíor a rá gur a mhalairt de chás atá i gceist, is é sin gur minice gearáin a chloisteáil againn sna meáin faoin easpa forbartha atá Fiontraíocht Éireann ag déanamh i gceantair taobh amuigh de na ceantair mhóra uirbeacha sa tír seo. Má bhreathnaíonn muid ar an tábla thíos, feicimid gur thug Údarás na Gaeltachta tacaíocht do 463 tionscadal i 2007, rud a chruthaigh fostaíocht mheasta de 928 post. Cá mhéad tionscadal a mbeadh Fiontraíocht Éireann sásta tacaíocht a thabhairt dó i gceantair Ghaeltachta chuile bhliain?

Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil faoi na fiontair go léir a dtugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht daofa.
Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta
atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta .