
f/ch An Chrannóg, Srath na Corcra, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. (074) 9532208
Baile - Cé Muid Féin - Achainí Sínithe - Achoimriú - Summary- Nuacht- Achainí - Naisc
Cruinniú de chuid Ghuth na Gaeltachta in OÉ, Gaillimh.
D’eagraigh mic léinn na hollscoile cruinniú poiblí de chuid an ghrúpa ‘Guth na Gaeltachta’ in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dé Céadaoin, 4ú Samhain. Bhí idir mhic léinn agus fhoireann na hollscoile i láthair chomh maith le daoine a thaistil isteach ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus áiteanna eile i gConamara. Bhí an seomra léachta i
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
Scoil na Gaeilge dubh le daoine ag iarraidh fáil amach cén tionchar a bheadh ag na ciorruithe atá molta ag an Bord Snip Nua orainn mar phobal teanga.
Labhair an mac léinn, Maitiú de Hál, ar dtús. Mhínigh sé cúlra Thuarascáil Mhic Charthaigh agus an mhíchothromaíocht atá le feiceáil sa Tuarascáil sin:
“Tá 58% de chiorruithe molta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ach, ar an mheán, níl ach 9.4% de chiorruithe molta do na ranna rialtais eile.”
Mhínigh sé an dóigh ar thosaigh an feachtas pobail i nGaoth Dobhair i ndiaidh do Thuarascáil An Bord Snip Nua a theacht amach.
Ina dhiaidh sin, labhair mac léinn eile, Kayla Reed. Thug sí mioneolas ar na ciorruithe atá molta sa Tuarascáil. Thagair sí do na ciorruithe atá molta do Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge nó ‘Scéim na mBan Tí’.
“Táthar ag moladh €5.5 milliún a bhaint ón scéim sin, rud a d’fhágfadh na coláistí samhraidh i bponc ceart.”
Braitheann geilleagar na Gaeltachta ar na coláistí sin agus gan iad, ní hamháin go mbeadh an Ghaeltacht ag fulaingt ach ní bheadh an deis ag na mílte scoláire a dteanga a fhoghlaim i suíomh galánta na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, mhínigh sí go moltar i dTuarascáil An Bord Snip Nua cúraimí Gaeilge a aistriú chuig an Roinn Oideachais, Roinn nach mbeadh ábalta ualach chomh mór sin a láimhseáil chomh maith lena freagrachtaí eile. Dúirt sí go bhfuil sé molta deireadh a chur le cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta, rud a dhéanfadh damáiste d’fhostaíocht Gaeltachta.
Ba é Éamonn Mac Niallais, as Gaoth Dobhair, an tríú cainteoir agus labhair sé faoi ghnéithe éagsúla den fheachtas. Thug sé achoimre ar a bhfuil déanta ag Guth na Gaeltachta go dtí seo. Thug sé cuireadh d’achan duine cuidiú a thabhairt. Dúirt sé nach bhfuil an feachtas seo do mhuintir na Gaeltachta amháin mar go rachadh na ciorruithe sin i bhfeidhm ar achan duine a bhfuil baint acu leis an Ghaeilge.
“Tá muid uilig ag brath ar a chéile agus caithfidh muid seasamh le chéile.”
I ndiaidh na gcainteoirí, tháinig grúpa mór daoine chun tosaigh ag iarraidh cuidiú a thabhairt don fheachtas. Bhí daoine ó Chathair na Gaillimhe, ón Spidéal, ón Cheathrú Rua agus níos faide siar. B’ábhar mór dóchais dúinn é an oiread sin tacaíochta a fháil. Tá an feachtas faoi lánseoil anois agus cuirfear fáilte roimh achan duine atá sásta tacaíocht nó cuidiú ar bith a thabhairt. Tá tuilleadh eolas ar fáil ar www.guthnag.com
Ní neart go cur le chéile!