
f/ch An Chrannóg, Srath na Corcra, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. (074) 9532208
Baile - Cé Muid Féin - Achainí Sínithe - Achoimriú - Summary- Nuacht- Achainí - Naisc
Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a chosaint
Tá cuid mhór moltaí i dtuarascáil an Bord Snip Nua i réimse an oideachais a bheas impleachtaí acu do scoileanna Gaeltachta agus do Ghaelscoileanna mar aon le chuile scoil ar fud na tíre. Tá roinnt moltaí, áfach, a cheapann muid go mbeadh impleachtaí faoi leith acu don teanga agus don Ghaeltacht agus a bhfuil muid go láidir ina n-aghaidh:
1. Moltar deireadh a chur leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge(COGG) agus a cuid cúraimí a aistriú chuig an Roinn Oideachais féin. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
2. Moltar gur chóir scoileanna beaga (“níos lú ná 100 dalta”) ar fud na tíre a chónascadh. Tá impleachtaí tromchúiseacha ag an mholadh sin do na scoileanna Gaeltachta seo a leanas (Cliceáil anseo le haghaidh an liosta iomláin):
Co. Dhún na nGall – 34 scoil
Co. na Gaillimhe – 28 scoil
Co. Mhaigh Eo – 19 scoil
Co. Chiarraí – 12 scoil
Co. Phort Láirge – 2 scoil
Co. Chorcaí – 3 scoil
Co. na Mí – 2 scoil
Iomlán = 100 scoil
