
f/ch An Chrannóg, Srath na Corcra, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. (074) 9532208
Baile - Cé Muid Féin - Achainí Sínithe - Achoimriú - Summary- Nuacht- Achainí - Naisc - Físeán
The Irish Times - Pól Ó Muirí Níl maolú ar dhiongbháilteacht an Rialtais - Pat CareyNíl aon mhaolú tagtha ar dhiongbháilteacht an Rialtais maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga,” a dúirt Aire na Gaeltachta, Pat Carey, leis an cholún seo an tseachtain seo. Bhí Carey ag tabhairt freagra ar litir oscailte a chuir an brúghrúpa Guth na Gaeltachta as Gaeltacht Dhún na nGall chun an pháipéir seo an tseachtain seo caite. Blog pól ó Muirí. (léigh)
Litir oscailte chuig an Taoiseach agus an Tánaiste faoi staid na Gaeltachta An Taoiseach Brian Ó Comhain & An Tánaiste Máire Ní Chochláinn, A Thaoisigh agus a Thánaiste, a chairde, Tá muid ag scríobh chugaibh mar phobal Gaeltachta aontaithe mar go bhfuil imní mhór orainn faoi Thuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas Caipitiúil 2010-2016. Má ghlactar lena bhfuil molta, beidh deireadh go praiticiúil leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016 agus muid ag comóradh 100 Bliain Éirí Amach 1916.
Tá na ciorruithe is airde i ndán don Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta mar a léirítear thíos:
Mar is eol daoibh ón Staideár Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, tá géarchéim teanga ins an Ghaeltacht faoi láthair, fiú ins na Gaeltachtaí is láidre: Glacann muid leis go bhfuil muid i ndrochstaid eacnamúil faoi láthair agus go bhfuil gá le ciorruithe a dhéanamh i gcaiteachas an Stáit ach ní fhanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda. Is muidinne, le meas,
Eagarfhocal Donegal News 27/8/2010
The Irish Language The Irish are not good at presenting a united front. Differences of opinion, personality clashes and pure bloody-mindedness have sunk many a good cause. As the old saying goes, the first item on the agenda is a split. Therefore an open letter signed by individuals from some thirty businesses and organisations should be treated seriously. This week we publish such a letter which was sent to the Taoiseach and the Tánaiste from interests in the Donegal Gaeltacht. Providing detailed figures they claim that if cuts are imposed then the Department of the Gaeltacht and Údarás na Gaeltachta will be extinct by 2016, the 100th anniversary of the Easter Rising. The letter writers argue that while all departments are facing cuts, the Department of Community Equality and Gaeltacht affairs' budget will be slashed by over 70% at a time when the Irish language is facing it's most serious challenge yet.
The writers quote from what is known as the The Comprehensive Linguistic Study of the Use of Irish in the Gaeltacht which concluded that Irish could be the minority language in the strongest gaeltacht areas within fifteen years.
Even for non-Irish speakers this should be unacceptable. Is the present ruling generation to be the one that allowed Irish to die in the gaeltacht because of an economic crisis? That is the stark question facing not only the government but our society. The answer must be a resounding no.
2016 Comoradh deireadh le Roinn na Gaeltachta agus Udaras na Gaeltachta? Na Príomhphointí ón chruinniú: 1. Cuireadh fáilte roimh Thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus gabhadh buíochas leis an Chomhchoiste as an obair a rinne siad.. Tá gá le brú a chur ar an Rialtas glacadh leis na moltaí seo uilig agus iad a chur i bhfeidhm mar nach bhfanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda."Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht, is é sin le rá an chuid den Ghaeltacht a bhaineann le Catagóir A, mura féidir an patrún seo a chur ar mhalairt treo." (SCT, 2007:27)2. Léiríodh imní láidir faoi Thuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas Caipitiúil 2010-2016. Má ghlactar lena bhfuil molta beidh deireadh go praiticiúil leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016 agus muid ag comóradh 100 Bliain Éirí Amach 1916. Tá gá le feachtas láidir stocaireachta le cur in aghaidh na tuarascála seo.3. Beidh Guth na Gaeltachta ag leanstan ar aghaidh ag stocaireacht go láidir go nglacfaidh le moltaí an Chomhchoiste Oireachtais agus nach nglacfar le moltaí na Roinne Airgeadais.Miontuairiscí Dé Céadaoine, 4 Lúnasa 2010
Cruinniú le Aire na Gaeltachta Bhí cruinniú ag Guth na Gaeltachta leis an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, an tUasal Padraig Ó Ciardha T.D., i mBaile Átha Cliath inné (19 Bealtaine). Rinneadh mionphlé faoin ghéarchéim teanga atá sa Ghaeltacht agus an géarghá atá ann go mbeadh an phráinn atá leis an cheist seo aitheanta go soiléir sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge rud nach raibh sa Dréacht a foilsíodh ar an 26 Samhain 2009. Glór na nGael Is léir go bhfuil cuid mhór éiginnteachta ag baint le cúrsaí maoinithe san earnáil dheonach Gaeilge faoi láthair. Tá fógra iomarcaíochta tugtha ag Glór na nGael do sheachtar dá gcuid fostaithe de bharr na héiginnteachta seo. Ba mhaith le Guth na Gaeltachta a dtacaíocht a léiriú do na heagrais Ghaeilge seo uilig agus go háirithe do Ghlór na nGael a bhfuil obair mhór déanta acu le blianta fada anuas le gné na Gaeilge den fhorbairt pobail a chothú ar fud na tíre agus go háirithe sa Ghaeltacht. Tá obair thábhachtach déanta acu mar aon leis na heagrais Ghaeilge eile. Is léir go bhfuil tiomantas láidir léirithe acu don teanga agus go spreagann na heagraíochtaí seo cuid mhór gníomhaíochtaí ar bhonn deonach sna pobail éagsúla. Ba mhór an chontúirt é don teanga má ligtear an tiomantas seo le sruth agus na spriocanna uaillmhianacha atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le baint amach againn. Is é an phríomhláidreacht atá ag an teanga ná an tiomantas deonach seo a spreagann sé sa phobal i gcoitinne agus tá ról lárnach ag na heagrais Ghaeilge sa phróiseas sin.
Comhghairdeas le RITH 2010, rinneadh obair mhór. Tá muid ag súil go dtiocfaidh sé go Tír Chonaill an chead am eile, tá muid i mbun traenála cheana féin. Seo físeán ceoil goirid faoi:
D'eirigh go maith leis an chruinniú a bhí ann ar an Aoine seo caite leis an Comhchoiste Oireachtais faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Bhí cuid mhór toscaireachtaí i lathair ó chuile cheantair Gaeltachta agus is cinnte go bhfuair an Comhchoiste leargas maith ar an ghéarchéim teanga atá sa Ghaeltacht. Beidh cruinniú eile ag an Chomhchoiste gan mhoill ag a mbeidh Údarás na Gaeltachta, údair thuarascail Fiontar DCU agus údair an Staidéar Cuimsítheach Teangeolaíoch ar Úsaid na Gaeilge sa Ghaeltacht ag déanamh cur i lathair. Éist anseo le raiteas Ghuth na Gaeltachta don Chomhchoiste Oireachtais i gCois Fharraige ar an Aoine 26 Feabhra (7 noiméad .MP3 Sábháil an Nasc) Beidh deis eile ag pobal na Gaeltachta plé a dhéanamh ar impleachtaí an Dreacht Straitéis don Ghaeltacht le linn Éigse Uladh i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo(féach clár iomlán thíos ag bun an ríomhphoist seo). Beidh Séamus Mac Giolla Choill ón Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag tabhairt caint ar an Aoine faoin téama seo agus beidh sé ar fáil chomh maith ar an Satharn don seisiúin plé. Is deis maith é seo do na coistí pobail ach go háirithe soiléiriú a fháil ar an athstruchturadh atá beartaithe ag an Roinn. Éigse Uladh 2010 (Clár)
Téama: “Forbairt Pobail agus Pleanáil Teanga i gcomhthéacs an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i dtaca leis an Ghaeltacht” Tionólfar an cruinniú Gaeltachta den Comhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta in Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige, Indreabhán, Co na Gaillimhe ar an Aoine an 26 Feabhra 2010.Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 Dréacht:
Céim 1
1. Spriocanna: Go mbeadh spriocanna sonracha luaite sa Stráitéis, ní hamháin i dtaca le líon na gcainteoirí laethúla sa tír ina iomlán a mhéadú, ach fosta: i. líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht sa mhéadú ii. líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht a mhéadú. iii. líon na dteaghlach atá ag tógail a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di a mhéadú.
2.Polasaí Náisiúnta maidir le hOideachas Gaeltachta Tá práinn faoi leith le polasaí soiléir a bheith ceaptha maidir le hoideachas Gaeltachta a chuimseodh na nithe seo a leanas: i. Soláthar sonrach a dhéanamh don chainteoir dúchais i naíonraí agus i mbunscoileanna Gaeltachta nó i gcás ceantair le daonra níos ísle, go ndéanfar soláthar don chainteoir dúchais i sruthanna faoi leith sna naíonraí agus sna bunscoileanna. Faoi láthair, tá an soláthar céanna á dhéanamh ins na scoltacha Gaeltachta ar na cainteoirí dúchais (páistí a bhfuil an Ghaeilge mar theanga bhaile acu) agus atá ar na foghlaimeoirí (páistí a bhfuil an Béarla mar theanga bhaile acu). De réir na saineolaithe teanga, níl an córas sin chun tairbhe ceachtar den dá ghrúpa. ii. Go mbeadh curaclam úr ann dírithe ar riachtanais na gcainteoirí dúchais. iii. Go mbunófaí Bord Oideachais sa Ghaeltacht le haidhmeanna oideachais an Stáit sa Ghaeltacht a cheapadh, a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn. Tá muid ag moladh an cúram sin a thabhairt d'eagraíocht ar nós: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG). iv. Go bhfuil soiléiriú ag teastáil sa Straitéis ar na hAonaid Sealbhaithe Teanga atá beartaithe do na trí phríomhcheantar Gaeltachta.
3. Struchtúr Tacaíochta do na Teaghlaigh Ghaeltachta: i. Scéim cosúil le Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) a bheith ann dírithe ar an chainteoir baile agus ar na blianta 0-7. ii. Go gcuirfí gréasáin d’Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh sa Ghaeltacht ar fáil mar thaca do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. iii. Go ndéanfar soiléiriú sa Straitéis go ndáilfí maoiniú ar chúrsaí sóisialta, spóirt agus pobail ar phobail éagsúla Ghaeltachta ar an tuiscint go reáchtálfar a gcuid imeachtaí tré Ghaeilge agus ar bhealach atá ag teacht le plean teanga an cheantair. Céim 2: Tá míshuaimhneas mór léirithe i measc phobal na Gaeltachta i gcoitinne faoin athrú róil atá beartaithe d’Údarás na Gaeltachta. Tá gá le soiléireacht faoin ról úr seo a bheith sonraithe sa Straitéis lena chinntiú nach mbeidh céim síos á thabhairt d’fhócas Gaeltachta na heagraíochta. Ba chóir go mbeadh treisiú á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Stáit sa Ghaeltacht mar gur ins an Ghaeltacht atá an ghéarchéim teanga. i. Go mbeadh cúraimí nó feidhmeanna an Údaráis (go hairithe cúraimí fiontraíochta) leagtha amach go soiléir sa Straitéis agus go mbeadh idirdhealú déanta eatarthu agus cúraimí Fhoras na Gaeilge. ii. Go mbeadh an teideal ‘Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge’ ar an ghníomhaireacht úr. iii. Go mbeadh fostaíocht teanga-lárnaithe luaite sa Straitéis mar cheann de phríomhaidhmeanna an Údaráis sa Ghaeltacht. iv. Go mbeadh an ról príomhúil ag an Údarás i gcúrsaí pleanála sa Ghaeltacht le cosaint a thabhairt don teanga. v. Go mbeadh maoiniú an Údaráis á dháileadh sa Ghaeltacht de réir pleananna sásúla teanga a bheith curtha ar fáil ag na ceantair/pobail agus go mbeadh an maoiniú bunaithe ar na pleananna sin. vi. Go mbeadh soiléiriú ar ról lárnach eagraíochtaí pobalbhunaithe, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, i bhfeidhmiú na Straitéise ar an talamh i gcomhair leis an Údarás agus go mbeadh maoiniú cuí á chur ar fáil do na heagraíochtaí sin thar thréimhse mheántéarmach in áit a bheith ag brath ar dheontas bliantúil. Thabharfadh sé sin deis dóibh pleananna a chur le chéile agus earcú agus forbairt a dhéanamh ar an fhoireann chuí. vii. Go mbeadh tacaíocht/comhairleoireacht/próiseas cuí á c(h)ur ar fáil do na heagraíochtaí pobalbhunaithe i dtaobh pleananna teanga a chur le chéile, a chur i gcrích agus a mheas. 3. Moltaí Eile i. Go mbeadh áit sa churaclam scoile d’fheasacht chultúrtha/stair theanga na hÉireann leis an aos óg a chur ar an eolas faoi oidhreacht luachmhar teanga agus chultúrtha na hÉireann. ii. Go nglacfaí leis an mholadh Aire Stáit don Ghaeloideachas a bheith ceaptha sa Roinn Oideachais. iii. Go léireodh an Rialtas é féin an sampla ó thaobh ‘normalú’ na teanga de i dTithe an Oireachtais. iv. Go mbeadh athbhreithniú neamhspleách á dhéanamh ar dhul chun cinn na Stráitéise ag mar shampla, an Coimisinéir Teanga, go rialta. v. Má tá fiche faoin gcéad de na háiteacha ins an Coláistí Oiliúna le bheith curtha i leataobh d'ábhair oidí ón Ghaeltacht nó ón chóras Gaelscolaíochta, luíonn sé le ciall go mbeadh sé mar aidhm, go fadtéarmach, go mbeadh Coláiste Oiliúna lán-Ghaeilge ann, lonnaithe i gceantar Ghaeltachta. vi. Go gcinnteofar go bhfuil comhthéacs uile-oileáin ag an Straitéis de réir a chéile agus go bhfuil go leor acmhainní agus tacaíochta ag pobal na Gaeilge sna 6 Chontae agus nach ndéanfar atheagrú ar earnáil óg dheonach na Gaeilge ó thuaidh mar gheall ar phlean atá dírithe ar chúinsí na teanga ó dheas. Cúlra Ghuth na Gaeltachta
NÍOR chóir deireadh a chur leis na prionsabail ar throid muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge ar a son go dícheallach. Seo a leanas achoimriú ar na prionsabail sin:
Seo físeán gearr faoi Ghuth na Gaeltachta atá thart ar 5 nóiméad ar fhad. Déantar cur síos ann ar an Seoladh Náisiúnta le linn Oireachtas na Gaeilge 2009 i Leitir Ceanainn, príomh mholtaí an Bord Snip Nua i dtaca leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus ar aidhmeanna an fheachtais pobail seo. Tá cúpla urlabhraí ón ghrúpa, ionadaithe pobail chomh maith leis na grúpaí ceoil An Chrann Óg agus Cor Thaobh a Leithid le feiceáil ann
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cá bhfuil do Chomhairle Contae ?
Ár mbuíochas le Comhairleoirí Contae Dhún na nGall as an seasamh aontaithe a ghlac siad don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Seol ríomhphost chugainn ag an seoladh atá luaite thíos le do thacaíocht a chur in iúl. (Déan an seoladh a scríobh isteach i do chóras ríomhphoist.)
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta . |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||