"Nochtar Gal Gréine re crann, Bratach Fhinn fá garg i dtreas, Lomlán do chlochaibh don ór Dar liom, fá mór a meas."

f/ch An Chrannóg, Srath na Corcra, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. (074) 9532208

Baile - Cé Muid Féin - Achainí Sínithe - Achoimriú - Summary- Nuacht- Achainí - Naisc


 

 

Ciste caiteachais a bheith ar fáil d’oibreacha caipitil, infreastruchtúir agus pobail i gceantair iargúlta mar an Ghaeltacht

Seo thíos na ciorruithe atá molta ag an Bord Snip Nua do na ceantair Ghaeltachta agus Tuaithe. 

Tá cuid mhór ciorruithe eile molta a mbeidh tionchar ollmhór acu ar cheantair Ghaeltachta ach go háirithe:

Glacann Guth na Gaeltachta leis go bhfuil ciorruithe ag teastáil ach níor choir déanamh ar shiúl leis an phrionsabal go hiomlán mar atá tuarascáil Mhic Carthaigh ag moladh.

‘The Group is of the view that resources should be targeted at those most in need and that differential schemes aimed at Gaeltacht areas are not justifiable.’  (Imleabhar 2, Lth. 41)

 

Tá sé seo ag tabhairt le fios go bhfuil an t-airgead a chaitear ar scéimeanna sa Ghaeltacht á thógail amach as cistí airgid dóibh siúd ‘atá ar an ghannchuid’.  Ní aontaíonn muid leis seo.  Má ghlactar leis an phrionsabal seo le ciorruithe a dhéanamh i gcaiteachas Gaeltachta agus Gaeilge, cén fáth nach nglactar leis i dtaobh fhormhór an chaiteachais, is é sin an infheistíocht ollmhór atá á déanamh go leanúnach ins na ceantair mhóra uirbeacha sa tír seo?

Tá an t-airgead seo á chaitheamh ar an Ghaeltacht de bharr an polasaí rialtais atá ann ó bhunú an stáit gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil agus go bhfuil gá lena forbairt agus lena buanú. 

Chomh maith leis sin, tá na ceantair Ghaeltachta ar na ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste faoi aon chritéir oibiachtúla a d’fhéadfaí a lua: infreastruchtúr fisiciúil agus sóisialta, dífhostaíocht, seirbhísí.  Má táthar ag iarraidh polasaí fiúntach a chur i bhfeidhm i dtaca le forbairt réigiúnach de, ba chóir go mbeadh ciste caiteachais ann le forbairt a dhéanamh ar na ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste.

 

Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta
atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta .