
f/ch An Chrannóg, Srath na Corcra, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. (074) 9532208
Baile - Cé Muid Féin - Achainí Sínithe - Achoimriú - Summary- Nuacht- Achainí - Naisc
Scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíne a choinneáil agus a leasú más gá
Glacann Guth na Gaeltachta leis
ach níor choir déanamh ar shiúl leis an phrionsabal go hiomlán mar atá tuarascáil Mhic Carthaigh ag moladh.
‘The Group is of the view that resources should be targeted at those most in need and that differential schemes aimed at Gaeltacht areas are not justifiable.’
(Imleabhar 2, Lth. 41)
Tá sé seo ag tabhairt le fios go bhfuil an t-airgead a chaitear ar scéimeanna sa Ghaeltacht á thógáil amach as cistí airgid dóibh siúd ‘atá ar an ghannchuid’. Ní aontaíonn muid leis seo. Má ghlactar leis an phrionsabal seo le ciorruithe a dhéanamh i gcaiteachas Gaeltachta agus Gaeilge, cén fáth nach nglactar leis i dtaobh fhormhór an chaiteachais, is é sin an infheistíocht ollmhór atá á déanamh go leanúnach ins na ceantair mhóra uirbeacha sa tír seo?
Tá an t-airgead seo á chaitheamh ar an Ghaeltacht de bharr an polasaí rialtais atá ann ó bhunú an stáit gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil agus go bhfuil gá lena forbairt agus lena buanú.
Chomh maith leis sin, tá na ceantair Ghaeltachta ar na ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste faoi aon chritéir oibiachtúla a d’fhéadfaí a lua: infreastruchtúr fisiciúil agus sóisialta, dífhostaíocht, seirbhísí. Má táthar ag iarraidh polasaí fiúntach a chur i bhfeidhm i dtaca le forbairt réigiúnach de, ba chóir go mbeadh scéimeanna mar pháirt de le forbairt a dhéanamh ar na ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste.
Tá muid go láidir i bhfabhar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (Scéim na mBan Tí) a choinneáil agus a fheabhsú mas féidir. Seo scéim a gcaitear €5.5milliúin air sa bhliain ach meastar go ngineann an sé suas le €50 milliúin de chaiteachas sa bhliain i gceantair Ghaeltachta. Chomh maith leis sin, téann an tréimhse a chaitheann na scoláirí agus na ceannairí ar Choláistí Samhraidh sa Ghaeltacht go mór i bhfeidhm orthu. Tá míniú iomlán ar bhuntáistí na scéime seo le fail ar shuíomh CONCOS http://www.concos.ie/ agus molann muid do chuile dhuine an achainí ar líne a shíniú le tacaíocht a léiriú d’fheachtas na mBan Tí http://www.ipetitions.com/petition/gaeltacht-future/.
Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta
atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta .