Aighneacht Ghuth na Gaeltachta i leith Polasaí Ghaeilge RTÉ

Níl aon dabht ach go bhfuil tacaíocht polaitiúíl agus reachtúil ag ról an Ghaeilge sa seirbhís craoltóíreachta poiblí fé mar a bhaineann sé le RTÉ.

Mar a deir sé in alt 114 dén Acht um Chraolacháin 2009, tá an dualgas ar RTÉ-

(a) provide a comprehensive range of programmes in the Irish
and English languages that reflect the cultural diversity
of the whole island of Ireland and include programmes
that entertain, inform and educate, provide coverage of
sporting, religious and cultural activities and cater for the
expectations of the community generally as well as
members of the community with special or minority
interests and which, in every case, respect human dignity,
(b) provide programmes of news and current affairs in the
Irish and English languages, including programmes that
provide coverage of proceedings in the Houses of the
Oireachtas and the European Parliament
Tá cuspóir amháin i Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006 maidir leis na meáin agus an teicneolaíocht:

Cuspóir 9: Déanfar cinnte de go bhfuil seirbhísí
cuimsitheacha craolacháin ar ardchaighdeán ar
fáil trí mheán na Gaeilge, go mór mhór trí
fhorbairt leanúnach a dhéanamh ar RTÉ, ar
Raidió na Gaeltachta agus ar TG4.

Chomh maith le sin tá ról sonrach molta do RTÉ sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge:

Déanfaidh RTÉ, an craoltóir náisiúnta seirbhíse
poiblí, normalú ar úsáid na Gaeilge agus an
Bhéarla ina gcuid craoltaí, rud a chuirfidh le rath
Sheachtain na Gaeilge. Leanfaidh RTÉ ag forbairt
Raidió na Gaeltachta agus ag tabhairt tacaíochta
dó lena chinntiú go soláthrófar speictream
leathan clár ar ardchaighdeán do na pobail sin a
bhíonn ag éisteacht leis an tseirbhís seo.
Agus fosta:
• forbairt a dhéanamh ar chúram RTÉ agus TG4
ó thaobh litríocht a chur chun cinn, lena
n-áireofaí príomhról a ghlacadh i nduaiseanna
litríochta, cláir leabhar, údair a phróifíliú chun
iad a dhéanamh níos feiceálaí agus chun cur
lena stádas sna meáin chumarsáide agus naisc
níos láidre a chothú idir scríobh do na meáin
agus foilseachán leabhar mar
ghníomhaíochtaí “comhlántacha”;

Lauitear sa Straitéis chomh maith go nleagann an tAcht Craolacháin 2009 creat oibre amach do RTÉ agus do TG4 do na blianta atá amach romhainn. Leagann alt 25 den Acht Craolacháin 2009 oibleagáid ar Údarás Craolacháin na hÉireann oibriú lena chinntiú:

maidir leis an líon agus leis na hearnálacha
seirbhísí craolacháin a chuirfear ar fáil sa Stát
de bhua an Achta seo gurb iad is fearr a
fhreastalóidh ar riachtanais mhuintir oileán
na hÉireann, ag cur a dteangacha agus a
dtraidisiúin agus a n-éagsúlacht reiligiúin,
eitice agus cultúir san áireamh,
agus oibleagáid chun:
forbairt clár agus seirbhísí craolacháin Gaeilge
a chur chun cinn agus a spreagadh.
Cuireann roinnt mionathruithe sonraithe ar an
gcreat reachtaíochta sin le stádas na Gaeilge trí
ghníomhaíochtaí na gcraoltóirí seirbhíse poiblí.
Áirítear orthu sin:
• muirir, téarmaí agus coinníollacha níos
fabhraí a cheadú i ndáil le scéimeanna
cartlainne ag craoltóirí seirbhíse poiblí do
chraoltaí Gaeilge;
• ardú ar an leithroinnt d’airgead na dtáillí
ceadúnais ó RTÉ go dtí an Scéim Chistíochta
Craolacháin (ó 5% go 7%), as a bhfuil TG4 ar
cheann de na príomhthairbhithe;
• leanúint ar aghaidh leis an “uair an chloig in
aisce” de theilifís Gaeilge ó RTÉ go TG4 (ar fiú
thart ar €10 milliún é);
• dualgas RTÉ i leith na Gaeilge a dhoimhniú;

Ní féidir a rá go hionraice go bhfuil neartú tagtha ar pholasaí Gaeilge RTÉ le roinnt blianta anuas de bharr an tacaíocht reachtúil agus polaitiúíl sin go léir ach an mhalairt. Tá níos lú agus níos lú cláracha Gaeilge le fáil ar Chainéil teilifíse agus raidió RTÉ agus da reir dealraimh, tá deireadh curtha le Aonad na gCláracha Gaeilge san eagraíocht. Tá muid ag súil mar sin go mbeidh dearadh an pholasaí úr Gaeilge seo san eagraíocht mar thúsphoinnte leis an taoide a thiontodh sa chreimeadh leanúnach seo ar úsáid agus stadás na teanga i RTÉ. Baineann cúram na Gaeilge le gach gné de phointí Chairt na Craoltóireachta Poiblí i leith na gcúramaí atá ar RTÉ maidir le cultúr, polasaí réigiúnach agus polasaí mionlaigh. Mar sin tá dualgas reachtúil ar RTÉ na cúramaí seo a chur i bhfeidhm ar bhealach cóir cothrom agus foireann & acmhainní cuí a chur ar fáil le haghaidh é sin a dhéanamh. Sé’n dushlán eagraíochtúil atá ann do bhainisítíocht na heagraíochta nó an meoin atá in RTÉ faoi láthair a athrú chun go mbeadh an foireann ar an eolas gurb é leatrom é mura bhfuil an freastal céanna á dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus a dhéantar ar phobal an Bhéarla.

Is tús mhaith é ar an bproiséas sin da ndéanfaidh cinneadh ag leibhéal tras-eagraíochtúil go mbeadh normalú a dhéanamh ar úsaid na Gaeilge ina gcuid craoltaí mar atá molta sa Straitéis 20 Bliain. Is cinneadh é seo atá ‘costas neodrach’ ach a thabharfadh teachtaireacht soiléir ní amháin laistigh dén eagraíocht ach don phobal i gcoitinne. Is léiriú ana-chumhachtach a bheadh ann chomh maith ar ról an chraoltóra mar chraoltóir poiblí i gcomparaid le craoltóirí príobhaideacha nach bhfaigheann maoiniú ón cheadúnas teilfíse. Sampla de seo go praiticiúíl nó da mbeadh polasai leagtha síos san eagraíocht go mbeadh leaganacha Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta a úsáid i gconaí. Is léiriú é seo do phobal na Gaeilge aguis na tíre i gcoitinne go bhfuil RTÉ ag tabhairt aitheantas do chearta teanga agus an reachtaíocht cuí.

É sin ráite, níor chóir go mbeadh an Bhéarla a bhrú ag an RTÉ ar fhoireann craoltóireachta Raidió na Gaeltachta nó an Seirbhís Nuachta mar atá molta faoi láthair. Tá sé léirithe arís agus arís eile an dochair a dhéanann an brú ó thaobh an dhatheangachas ar mhionteanga, sé sin gur dhatheangachas aontreoch, i dtreo an mhór-theanga, an Bhéarla, atá i gconaí mar thoradh ar a leitheid de phroiséas(Féach An Chonair Caoch: Ó Giollagáin 2011). Mar sin de, tá muid ag moladh go mbeadh obair aon-teangach Gaeilge mar phrioracht ag na foirne sin ach amháín i gcásanna eisceachtúla fe mar atá an solubthacht sin ann faoi láthair. Téann seo arais arís fosta go dtí an poinnte faoi chothromaíocht agus comhchaighdeáin, ma tá an dualgas le bheith ar Seirbhísí Nuachta RTÉ i mBaile na hAbhainn nó i gCasla seirbhísí dhatheangach a chur ar fáil, cén fath nach bhfuil an dualgas céanna a leagan ar sheirbhísí réigiúnacha eile agus ar an cheanncheathrú i mBaile Átha Cliath?

Tá sé fíorthábhachtach fosta ó thaobh an chomhionnanais de go mbeadh béim cuí curtha ar scoth chainteoirí Gaeilge le saibhreas teanga agus caint nadúrtha Gaeilge labhartha an phobail a bheith acu seachas cainteoiorí a bhaineann úsáid as an Ghaeilge theicniúíl atá aistrithe ón Bhéarla. Ní bheadh ghlacadh leis a leithéid i mBéarla.

Tá muid ag moladh chomh maith go mbeadh ceannas ar pholasaí agus freagrachtaí Gaeilge i RTÉ ag daoine a bhfuil meas agus ómos acu don teanga in áit an Ghaeilge a bheith caite isteach i bportfolio dhuine mar dhearmad.

Ó thaobh na Gaeltachta de, ba chóír freastal ceart agus cóir a dhéanamh ar an bpobal gurb í an Ghaeilge a chéad teanga. Mar shampla, ba cheart díriú isteach ar stór cainte a bhailiú ó na cainteoirí Gaeilge is fearr atá fágtha le cur le ábhair cartlainne.

Ó thaobh na seirbhísí Gaeilge sonrach i RTÉ ar nós Raidió na Gaeltachta agus an Seirbhís Nuachta, ba chóir leagan síos gurb í an Ghaeilge teanga oibre agus cumarsáide na foirne agus nach mbeifí ag cur brú ar éinne an mhalairt a dhéanamh. Ba chóír meas a chothú ar an chultúr teanga sa lathair oibre go mór mhór i gcomhthéacs na seirbhíse a bunaíodh do mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Mar achoimre, ba chóír go mbeadh an Ghaeilge lárnach i bpleanáil, forbairt, struchtúr agus solathair RTÉ ó seo amach agus ba tús mhaith é na nithe thuas a chur i gcrích mar thúsphoinnte sa pholasaí úr don teanga atá a leagan amach. Is é an bunphrionsabail atá a lorg againn nó cearta comhionnanais, sé sin go mbeadh pé saothar a bheadh a chaitheamh leis an Ghaeilge ar chomhchéim leis an saothar a bheadh a chaitheamh leis i mBéarla.

Éamonn Mac Niallais
Urlabhraí
Guth na Gaeltachta
www.guthnag.com
eolas@guthnag.com
087 6387468

This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.

Leave a Reply